DCU in Uíbh Ráthach

Beidh DCU i gcomhar le Brí Uíbh Ráthaigh ag rith cúrsa MSc in Uíbh Ráthach in 2024-2026.

MSc sa BHAINISTÍOCHT AGUS GNÓ DIGITEACH

EOLAS FAOIN GCÚRSA:

Cúrsa iarchéime, Leibhéal NFQ: 9
Cúrsa páirtaimseartha, 3 dheireadh seachtaine sa seiméastar:
2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach agus deireadh seachtaine amháin ar champas DCU i mBaile Átha Cliath.
Fad: 2 bhliain

AIDHM AN CHÚRSA
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

GAEILGE
Cuirtear an clár seo ar fáil trí mheán na Gaeilge. Más maith leat tabhairt faoin ngúrsa ach níl tú cinnte faoi do leibhéal Gaeilge, bí i dteagmháil linn, Brí Uíbh Ráthaigh, i nGaeilge nó i mBéarla agus cabhróimid leat é a dhéanamh amach. 

Tá sé i gceist againn cúrsa Gaeilge a rith ag an am céanna leis an gcúrsa seo chun cabhrú le rannpháirtithe ó thaobh na Gaeilge de. Níl aon chostas leis an gcúrsa Gaeilge seo. Faigheann tú dhá chúrsa ar chostas cúrsa amháin!

COSTAS
Táille: €4,200 sa bhliain.

TACAÍOCHT AIRGEADAIS
Tacaíocht
ó Bhrí Uíbh Ráthaigh, Plean Teanga Chiarraí Theas, do mhuintir Uíbh Ráthaigh ar mhaith leo tabhairt faoin gcúrsa seo: 
€700 sa bhliain.

B'fhéidir go mbeidh tacaíocht sa bhreis ar fáil ó Údarás na Gaeltachta chun praghas an chúrsa a ísliú tuilleadh. Táthar á phlé faoi láthair.

Tuilleadh eolais faoin gcúrsa:
Eolas ar leathanaigh an chúrsa ar shuíomh idirlín DCU
Guthán: 085 1725779
Ríomhphost: eoghan.mcconalogue@dcu.ie

Tuilleadh eolais faoi thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh:
Ríomhphost: pleanteangaur@gmail.com
Guthán: 087 2153671
www.briur.ie

SEISIÚN EOLAIS
Beidh seisiún eolais faoin gcúrsa ar an 25 Meitheamh ag 6 pm sa Chomhchoiste.
Tuilleadh eolais anseo.

SUIM A LÉIRIÚ
Déanfar an cúrsa seo a rith in Uíbh Rathach, má chláraíonn go leor daoine sa cheantar dó. 
Ní mór, mar sin, do shuim sa chúrsa a léiriú agus an fhoirm réamhchlárúcháin seo a líonadh faoin 28 Meitheamh 2024, ionas gur féidir linn tuiscint a bheith againn faoi cé mhéad duine a mbeadh suim acu sa chúrsa. Nuair a gheobhaimid an fhoirm, seolfaimid deimhniúchán agus tuilleadh eolais chugat.

Brí Uíbh Ráthaigh