Cúrsaí Gaeilge - Irish Courses
Beidh cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar tosnú in ionaid éagsúla in Uíbh Ráthach i nDeireadh Fómhair 2026.
Glantosnaitheoirí
Atosnaitheoirí
Meánleibhéal
Brí Uíbh Ráthaigh atá ag eagrú na cúrsaí seo.
Beidh cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar tosnú in ionaid éagsúla in Uíbh Ráthach i nDeireadh Fómhair 2026.
Glantosnaitheoirí
Atosnaitheoirí
Meánleibhéal
Brí Uíbh Ráthaigh atá ag eagrú na cúrsaí seo.
Is teagascóirí pobail atá ag múineadh an chuid is mó de na cúrsaí, i.e. daoine nach bhfuil na cáilíochtaí múinteora/teagascóra Gaeilge acu, ach a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta cabhrú le daoine an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh. Cuid acu, is daoine iad atá ar a dturas teanga iad féin. Tuilleadh eolais faoinár dteagascóirí ar fáil thíos.
Most of the courses are taught by community tutors, i.e. people who do not have a Irish-language teacher/tutor qualification, but who have Irish and are happy to help others learn and practice the language. Some of them are on their own language journey themselves. More information about our tutors is available below.
Laoise Nic Aogáin
Is iarmhúinteoir bunscoile í Laoise le suim faoi leith i seanchas, amhránaíocht agus ceol Uíbh Ráthaigh.
Laoise is a former primary school teacher with a special interest in folklore, songs and music of South Kerry.
Dee Ní Shéaghdha
Is mise Dee Ní Shéaghdha agus bím ag múineadh Gaeilge do ghlantosnaitheoirí agus do thosnaitheoirí gur mhaith leo tosnú ón tús ar fad. Is múinteoir Béarla mar Dhara Teanga mé atá cáilithe le CELTA agus beagnach 20 bliain de thaithí agam san earnáil. Bainim úsáid as téacsleabhair chun struchtúr a chur le ranganna agus is maith liom dul go mall ionas nach mbeidh aon duine fágtha ar gcúl. Más maith leat atmaisféar suaimhneach, beagán spraoi agus obair ghrúpa, bainfidh tú taitneamh as ár ranganna.
I am Dee Ní Shéaghdha and I teach Irish to Absolute Beginners and Beginners who want to "start from scratch". I am a CELTA qualified English as a Second Language teacher with almost 20 years experience. I use a textbook to structure classes and believe in taking a slow pace so that no one is left behind. If you like a relaxed atmosphere, a bit of craic and group work, you will enjoy our classes.
Ruth Brophy
Tá an-suim agam sa Ghaeilge agus is breá liom daoine a thabhairt le chéile tríd an teanga. Tá mé i mo chónaí i gCathair Dónall. Is grianghrafadóir mé agus labhraím Gaeilge gach lá. Táim féin fós ag foghlaim agus ag feabhsú mo chuid Gaeilge i gcónaí. Déanaim iarracht iad a bheith cairdiúil agus spraíúil, gan aon bhrú. Creidim go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge againn ná mar a cheapaimid. Níl uainn ach an misneach í a úsáid.
I love the Irish language and the way it brings people together. I live in Caherdaniel, work as a photographer and speak as Gaeilge every day. I’m learning and improving my own Irish all the time too. I know what it’s like to be learning, making mistakes and figuring things out along the way. I try to create a relaxed, friendly space where people can chat and build confidence. I’m a firm believer that we all have far more Gaeilge than we think. We just need a bit of encouragement to use it.
Orla Ní Chofaigh
Is as Cathair Saidhbhín d’Orla. Dhein sí staidéar ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis don bhunchéim in UCD & dhein sí máistreacht sa Ghaelainn. Bhí sí ag obair mar aistritheoir Gaelainne sa Bhruiséil le dhá bhliain anuas agus bhog sí abhaile go Cathair Saidhbhín le déanaí.
Orla is from Cahersiveen. She studied French and German for her undergraduate degree at UCD and did a master's degree in Irish. She has been working as a Gaelic translator in Brussels for the past two years and recently moved home to Cahersiveen.
Mícheál Céitinn
Is as an gCoireán mé. Chaitheas tréimhse fada ag múineadh i gColáiste na Sceilge. Tá an-suim agam sa Ghaelainn agus i ndul chun cinn na Gaelainne in Uíbh Ráthach.
I'm from Waterville. I spent a long time teaching at Coláiste na Sceilge. I'm very interested in the Irish language and its development in Uíbh Ráthach.
Síle Ní Chonail
Ciarán Ó Siochrú