An Ghaeilge in Uíbh Ráthach: Staitisticí

Daonáireamh

Anseo tá staitisticí ón Daonáireamh, mar atá sé ar fáil ar shuíomh idirlín na Príomhoifige Staidrimh www.cso.ie, a léiríonn conas a bhí úsáid na Gaeilge in Uíbh Ráthach ag athrú idir 2011 agus 2022.

Bhí 3 Dhaonáireamh sa tréimhse sin: 2011, 2016 agus 2022.

Cainteoirí Laethúla Gaeilge - an táscaire is tábhachtaí

Is í an ghné is fearr a léiríonn úsáid na teanga sa phobal ná líon na ndaoine a mhaígh sa Daonáireamh go n-úsáideann siad Gaeilge (a) go laethúil agus (b) lasmuigh den chóras oideachais, nó laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Tugtar Cainteoirí Laethúla Gaeilge ar na daoine seo. Is é seo an táscaire is tábhachtaí dúinn chun tuiscint a fháil ar úsáid na teanga in Uíbh Ráthach.

An Pictiúr Náisiúnta: Limistéir Pleanála Teanga

Is é atá i gceist le ‘Limistéar Pleanála Teanga’ ná ‘ceantar Gaeltachta’.
Is é atá i gceist le LPT Chiarraí Theas ná ceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh: An Gleann, Baile an Sceilg, an tImleach Mór, An Dromaid, An Lóthar agus an Gleann Mór, Doire Fhíonáin agus ceantair timpeall Chathair Dónall.

De réir Daonáireamh 2022 tháinig méadú 10% ar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Is é seo an dara huimhir is airde i measc na gceantar Gaeltachta ar fad.

Sa tábla thuas tá an t-athrú léirithe mar chomparáid idir líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge i 2016 agus i 2022.

Sa tábla thíos tá an t-athrú léirithe i líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge mar chuid den iomlán daonra.

An Pictiúr Áitiúil: Ceantair Uíbh Ráthaigh

Toghranna

Tá 17 dtoghroinn in Uíbh Ráthach:

Seo mar a bhí líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge i dtoghranna Uíbh Ráthaigh i 2011, 2016 agus 2022.

Léirítear thíos na hathruithe a tharla i líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge i dtoghranna Uíbh Ráthaigh i 2011-2016 agus i 2016-2022.

Thíos tá céatadán na gCainteoirí Laethúla Gaeilge i ngach toghrann Uíbh Ráthaigh i 2011, 2016 agus 2022.

Tá na figiúirí seo á léiriú sna léarscáileanna thíos chomh maith.

Tá na léarscáileanna thíos idirghníomhach: brúigh ar toghcheantar chun na huimhreacha beachta a fheiscint.

Léirítear thíos an t-athrú i gcéatadán na gCainteoirí Laethúla Gaeilge i dtoghranna Uíbh Ráthaigh i 2011-1016 agus i 2016-2022.

Tá an t-athrú seo i gcéatadán na gCainteoirí Laethúla Gaeilge idir 2011 agus 2016 agus idir 2016 agus 2022 á léiriú sa dá léarsáil thíos chomh maith.

Laghdú atá i gceist le dath donn agus méadú le dath gorm.

Is léir gur laghdú den chuid is mó a bhí ann idir 2011 agus 2016 ach gur méadú a bhí ann i bhformhór na dtoghranna idir 2016 agus 2022.

 

Ceantair Bheaga

Chun staitisticí níos mionsonraithe a fháil, áfach, b’fhearr féachaint ar staitisticí na gCeantar Beag atá ar fáil ag an bPríomhoifig Staidrimh.

Seo na staitisticí ó Dhaonáirimh 2016 agus 2022.

Seo an t-athrú ar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge de réir na gCeantar Beag.