DEISEANNA ÚSÁIDE

cumas sa Ghaeilge ag 57% de dhaoine in Uíbh Ráthach, ach 7.3% a labhrann í go laethúil agus 6% go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais.
Chun Gaeilge a úsáid in Uíbh Ráthach caithfidh aithne a bheith agat ar dhaoine go bhfuil Gaeilge acu.
Cruthaímid deiseanna do dhaoine le Gaeilge bualadh lena chéile i gcomhthéacsanna nádúrtha: ócáidí cultúrtha, siúlóidí, ciorcail chomhrá srl.

 
 

Deiseanna Comhrá

Bíonn Ciorcail Chomhrá ar siúl gach seachtain ar fud Uíbh Ráthaigh. Bíonn siad ar sos don samhradh ach bí ag faire ar ár suíomh idirlín agus ar ár meáin shóisialta ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh chun eolas a fháil faoi na ciorcail comhrá atá i do cheantar.

Na Ciorcail Chomhrá atá ar siúl faoi láthair:

Ciorcal Comhrá sa Dromaid
Áit: Ionad na Dromoda, Cillín Liath, sa seomra suite.
Am: Gach Luan ag 20:00.

Ciorcal Comhrá i gCathair Dónall
Áit: An Tigh Tábhairne ‘An Píobaire Dall / The Blind Piper’
Am: Gach Céadaoin ag 20:00.

Cupán agus Comhrá, ciorcal comhrá i gCathair Saidhbhín (á eagrú ag ‘Cathair Saidhbhín le Gaeilge’)
Áit: caiféanna éagsúla timpeall Chathair Saidhbhín, fógraítear an áit gach seachtain ar chuntais instagram agus facebook 'Chathair Saidhbhín le Gaeilge’.
Am: Gach Déardaoin ag 10:00 am.

Ciorcal Comhrá i gCathair Saidhbhín (á eagrú ag ‘Cathair Saidhbhín le Gaeilge’)
Áit: An Leabharlann
Am: Gach Déardaoin ag 18:30.

Oícheanta Comhrá ar líne
Ciorcal comhrá ar líne do mhuintir Uíbh Ráthaigh
Am: Gach Luan ag 20:00. Cláraigh anseo.


Ar mhaith leat féin Ciorcal Comhrá a thosnú i do cheantar?

Is féidir linn cabhrú leat fógraíocht a dhéanamh agus tá Ciste Tograí Pobail ann dá mbeadh tacaíocht airgeadais uait. Bí i dteagmháil linn!

Éigse na hAoine

Sraith imeachtaí cultúrtha i nGaeilge in Uíbh Ráthach.
Is é cuspóir na n-imeachtaí seo ná deis a thabhairt do chainteoirí agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge bualadh le chéile i gcomhthéacs nádúrtha imeachtaí rialta sóisialta.

Tá tulleadh eolais faoi Éigse na hAoine ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh anseo.

An chéad imeacht eile sa tsraith Éigse na hAoine


Ranganna ceoil agus rince do dhaoine óga

Tosnaíonn ranganna Ceoil agus Rince ar an Sean-Nós trí Ghaeilge gach téarma, i mí Mheán Fómhair agus i mí Eanáir de réir éilimh agus má bhíonn múinteoirí ar fáil.

Bíonn an t-eolas ar fáil sa rannóg ‘Nuacht’ ar an suíomh idirlín seo agus ar ár meáin shóisialta.


Imeachtaí do Thuismitheoirí agus Leanaí

Bíonn imeachtaí á n-eagrú ag Brí Uíbh Ráthaigh, Tús Maith agus Tuismitheoirí na Gaeltachta do thuismitheoirí a úsáideann Gaeilge ag baile nó ar mhaith leo é a dhéanamh agus dá leanaí.

Más maith leat a bheith ar an eolas fúthu, bí i do bhall de ghrúpa whatsapp ‘Gaeilge ag baile UR’.


Grúpa Whatsapp

Bí páirteach sa ghrúpa whatsapp UR ag Caint atá ann do phobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach! Tá an grúpa ann chun ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh faoi rudaí a bhaineann le hUíbh Ráthach. Beidh tú ar an eolas i gcónaí faoi na rudaí a bhíonn ar siúl ag Brí Uíbh Ráthaigh chomh maith.


Na Meáin Shóisialta

Lean Brí Uíbh Ráthaigh ar na meáin shóisialta agus beidh tú i gcónaí ar an eolas faoi shaol phobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach!


Siúl & Gaeilge

Is áit álainn é Uíbh Ráthach agus cén tslí níos fearr chun am a chaitheamh anseo ná dul ar shiúlóid. Agus má théann tú ar shiúlóid le daoine le Gaeilge - seo deis iontach duit roinnt uaireanta an chloig a chaitheamh ag spalpadh Gaeilge i gcuideachta deas cairdiúil!

Bímid ag eagrú siúlóidí gach seachtain timpeall Uíbh Ráthaigh. Chun a bheith ar an eolas is déanaí faoi shiúlóidí, bí ag faire ar ár leathanach Nuacht agus ar ár gcuntais meán sóisialta.

Más maith leat a bheith ar an eolas faoi na siúlóidí agus faoi aon athruithe a bhaineann leo, bí páirteach i ngrúpa whatsapp na siúlóidí.


Imeachtaí sóisialta

Deinimid ár ndícheall pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile agus deiseanna a thabhairt do chainteoirí dúchais, cainteoirí líofa agus dóibh siúd nach bhfuil chomh líofa sin, teacht le chéile i gcomhthéacsanna réachúiseacha neamhfhoirmeálta agus aithne a chur ar a chéile.

Bíonn eolas faoi na himeachtaí seo ar ár suíomh idilrín sa rannóg ‘Nuacht’ agus ár meáin shóisialta.