An Teaghlach
Is athbheochan agus athneartú seachas caomhnú teanga is cás linn i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Is é túsphointe na hathbheochana ná an teanga a chur á labhairt arís sa teaghlach. Is croílár sprioc na pleanála teanga í an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin.
Dá bharr sin, táimid ag tabhairt réimse leathan tacaíochtaí do theaghlaigh Uíbh Ráthaigh ar mhaith leo Gaeilge a úsáid ag baile:
Ócáidí sóisialta do thuismitheoirí
Grúpa whatsapp do thuismitheoirí le Gaeilge
Teagmháil duine-le-duine le tuismitheoir eile le Gaeilge
Siamsaíocht do leanaí agus thuismitheoirí
Scéalaíocht, ceol, péinteáil, ealaín, rince, drámaíocht
Leabhair, dlúthdhioscaí, DVDanna, cluichí boird
Eolas agus cabhair i dtaobh leanaí a thógaint go dátheangach
Cabhair i dtaobh Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar do chuid Gaeilge
Tacaíocht do na naíonraí, na scoileanna agus na clubanna óige in Uíbh Ráthach