Gaelainn Uíbh Ráthaigh
Tá éagsúlacht ag baint le conas a labhartar Gaeilge anois in Uíbh Ráthach. Tá roinnt daoine ann, áfach, go bhfiul tréithe den chanúint áitiúil fós le cloisint ina gcuid cainte agus is féidir iad a chloisint uaireanta ar Raidió na Gaeltachta, go háirithe ar an gclár ‘An Saol ó Dheas’.
Tá go leor taifid déanta in Uíbh Ráthach, agus tá cuid acu ar fáil go hoscailte ar shuíomhanna idirlín.
doegen.ie
Tá bailiúchán de thaifid a deineadh i gCiarraí sna blianta 1928-31 ar fáil ar doegen.ie ar an leathanach seo. Is ó Uíbh Ráthach do chuid de na cainteoirí.
canuint.ie
Seoladh suíomh idirlín iontach nua le déanaí, canuint.ie, ar a bhfuil taifid agus trascríbhinní comhuaineacha leo: agus tú ag éisteacht leis an taifead, is féidir leat brú ar fhocail sa trascríbhinn agus seinntear an fhuaimrian ón bhfocal sin.
Tá an trascríbhinn ag leanúint go dlúth canúint an chainteora, rud a thugann deis dúinn tréithe chanúint Uíbh Ráthaigh a fheiscint, ach tugtar na leaganacha caighdeánacha de na focail chéanna chomh maith i gcomhair sothuisceana.
Tá taifid ó bharúntacht Uíbh Ráthaigh ar fáil anseo.
Tá taifid ó bharúntacht Dún Ciaráin Theas ar fáil anseo.