Seisiún eolais faoin MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach in Uíbh Ráthach

Beidh seisiún eolais á reáchtáil ag foireann
Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU
ar an 25 Meitheamh
don chúrsa máistreachta
MSc sa Bhainistíócht & Gnó Digiteach.
Beidh an seisiún ar siúl in oifigí
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
V23 R894

CÚRSA
MSc sa Bhainistíócht & Gnó Digiteach
Cúrsa páirtaimseartha
Múintear an cúrsa thar dhá bhliain
3 dheireadh seachtaine sa seiméastar:
2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
deireadh seachtaine amháin ar champas DCU i mBaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais faoin gcúrsa anseo.

Beidh an seisíun eolais seo oiriúnach don té a bhfuil suim acu i gcúrsaí gnó, i dteicneolaíochtaí nua ar nós AI agus dóibh siúd nár bhain triail as na teicneolaíochtaí seo go fóill.

CLÁR AN LAE:

• 18:00 - 18:30 Fáiltiú & Bun-eolas faoin MSc (An Dr Eoghan Mac Conaill Óig)

• 18:30- 19:00 Aoichaint mar gheall ar úsáid an AI (An Dr Pádraig Ó Catháin / An Dr Mícheál J. Ó Meachair)

• 19:00 - 19:30 Sos

• 19:30 - 20:00 Ceisteanna & plé

Táimid ag iarraidh ort clárú don seisiún chun go mbeadh tuairim againn faoi cé mhéad duine a bheidh ag teacht.

Brí Uíbh Ráthaigh