Cúrsaí Baitsiléireachta
TACAÍOCHT do ChÚRSAÍ BAITSILÉIREACHTA
Má roghnaíonn tú cúrsa Baitsiléireachta trí Ghaeilge (ní gá gur faoin nGaeilge a bheadh sé) a dhéanamh, is féidir le Brí Uíbh Ráthaigh tacaíocht €700 a thabhairt duit sa chéad bhliain (50% tar éis an chéad bhabhta scrúduithe agus an dara leath tar éis scrúduithe deireadh an chéadh bhliain, má éiríonn leat).
Tá an tacaíocht seo ar fáil dóibh siúd amháin atá le tosnú ar an gcúrsa in 2024 nó níos déanaí.
TACAÍOCHT do bhaill na SCÉIMeanna CHÓNAITHE
Má chláraíonn tú le Scéim Chónaithe atá ag an ollscoil, is féidir linn tacaíocht €300 a thabhairt duit i dtreo costais lóistín agus cothaithe.
Ar fáil dóibh siúd a bheidh cláraithe ó Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.
TACAÍOCHT do bhaill na gCUMANN GAELACH
Má tá tú ar choiste cumann Gaelach na hollscoile, is féidir linn tacaíocht €150 a thabhairt duit tar éis duit bliain a chaitheamh ar an gcoiste.
Ar fáil dóibh siúd a bheidh ar an gcoiste ó Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.
Is scéimeanna píolótacha iad seo.
Más spéis leat, bí i dteagmháil linn.
Cúrsaí Iarchéime
TACAÍOCHT do ChÚRSAÍ iarchéime
Ar smaoinigh tú ar chúrsa iarchéime a dhéanamh i nGaeilge?
Tá deontas ar fáil ó Bhrí Uíbh Ráthaigh duit!
€500 do chúrsa MA
€150 do chúrsa Dioplóma nó Teastais
Chun a bheith i dteideal an deontais caithfidh tú a bheith i do chónaí i gCiarraí Theas.
Tá buiséad na ndeontas teoranta.
Más spéis leat, bí i dteagmháil linn.
Cúrsa Máistreachta le DCU in Uíbh Ráthach 2025
Is féidir CÚRSA PÁIRTAIMEARTHA MÁISTREACHTA le DCU a dhéanamh IN UÍBH RÁTHACH.
Teideal an chúrsa: BAINISTÍOCHT AGUS GNÓ DIGITEACH.
Cúrsa de chuid DCU le rith in Uíbh Ráthach in 2025-2027.
Cúrsa iarchéime, Leibhéal NFQ: 9
Páirtaimseartha, 2 bhliain
Gach seiméastar beidh na ranganna ar siúl 3 huaire:
· 2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
· Satharn amháin ar an gcampas i mBaile Átha Cliath.
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.
Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tuilleadh eolais faoin gcúrsa:
Eolas ar leathanaigh an chúrsa ar shuíomh idirlín DCU
Táille: €4,300 sa bhliain.
Táille DO MHUINTIR UÍBH RÁTHAIGH: €2,150 sa bhliain, trí thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh, ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta.
Tacaíocht eile airgeadais:
Tá Cumann Lúthchleas Gael na Mumhan ag cur deontas €750 sa bhliain ar fáil do dhuine i gCúige Mumhan ar mhaith leis nó léi an cúrsa seo a dhéanamh agus a shásódh na critéir atá ag CLG na Mumhan. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Oifigeach Gaeilge CLG na Mumhan Aedín Ní Bhriain ag aedin.ni.bhriain.munster@gaa.ie;
Tá Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí, ag cur deontas €750 sa bhliain ar fáil do dhuine i gCiarraí a chláraíonn don chúrsa seo agus a shásódh na critéir atá ag Oifig na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí, Aodán Mac Gearailt ag aodan.macgearailt@kerrycoco.ie.
Tuilleadh eolais faoi thacaíocht ó Bhrí Uíbh Ráthaigh:
Ríomhphost: pleanteangaur@gmail.com
Guthán: 087 2153671
TÁBHACHTACH
Cuirfear an cúrsa seo ar siúl in Uíbh Ráthach má bhíonn dóthain daoine cláraithe don chúrsa.
Tá sé tábhachtach ag an bpointe seo, dá bharr, spéis a léiriú ag líonadh an fhoirm seo le do thoil.
Ní hionann an fhoirm seo a líonadh agus clárú don chúrsa, níl anseo ach léiriú spéise sa chúrsa. Ach tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint éigin againn ó thaobh líon na ndaoine go mbeadh suim acu sa chúrsa.
Cúrsaí Micridhintiúr
Cúrsaí Micridhintiúr (nó Microcredential, MicroCreds) - cúrsaí gearra (12-24 seachtain) atá á rith agus creidiúnaithe ag institiúidí tríú leibhéal.
Tá Brí Uíbh Ráthaigh sásta 50% de tháille cúrsa MicroCred trí mheán na Gaeilge a chlúdach do dhaoine atá ina gcónaí in Uíbh Ráthach.
Ní féidir le Brí Uíbh Ráthaigh an tacaíocht seo a chur ar fáil má fhaigheann tú an HCI Micro-credential Learner Fee Subsidy.