GAEILGE AGUS DÁTHEANGACHAS
Tá dhá theanga nó níos mó ag 50% de dhaonra an domhain ar a laghad.
Is gnáthrud é an t-ilteangachas (plurilingualism), ní eisceacht.
Cén fáth Gaeilge?
Oideachas: bíonn aird níos fearr ag daoine dátheangacha, is í seo an cháilíocht is luachmhaire más maith leat go mbeadh ag éirí le do leanbh go hacadúil agus níos ginearálta, beidh sé níos éasca dóibh ar scoil agus ar feadh a saoil
Meon: oscailteacht, níos éasca cumarsáid a dhéanamh le daoine ó chultúir eile, níos éasca teangacha eile a fhoghlaim, ach chomh maith leis sin, tuiscint níos fearr ar do mhuntir agus ar do chultúr féin
Sláinte: níos lú riosca Alzheimers nuair bhíonn daoine níos sine
Postanna:
• Teilifís agus raidió – tá níos lú daoine ann ar féidir leo an obair seo a dhéanamh i nGaeilge, níos éasca post a fháil
• Caithfidh 20% de na daoine sa Státseirbhís in ann Gaeilge a labhairt faoi 2030
• Teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge ó 2022 agus tá go leor postanna in Éirinn agus san Eoraip bainteach leis seo
• Líon scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge ag méadú i gcónaí ar fud na tíre, postanna do mhúinteoirí le Gaeilge
Taitneamh – is mór an spraoi é:
a bheith in ann níos mó ná teanga amháin a úsáid
fáilte a bheith romhat i níos mó comhthéacsanna sóisialta
níos mó eispéiris a fháil
An ndúirt tú riamh: ”Ba mhaith liom níos mó Gaeilge a úsáid”?
Tapaigh an deis! Labhair í ag baile!
Níl do chuid Gaeilge foirfe?
Nach cuma!
Ní múinteoirí iad do leanaí agus ní bheidh siad do do cheartú.
Is deis é seo do chuid Gaeilge a chleachtadh gan strus!
Is fearr i gcónaí dhá theanga ná teanga amháin a thabhairt do do leanbh!
Conas?
Foghlaimíonn leanaí na rudaí a mbraitheann siad a bhfuil gá leo.
In Éirinn an lae inniu, tá an Béarla le feiscint agus le cloisint i ngach áit, tá an gá leis an mBéarla soiléir don leanbh, agus ní bhíonn fadhbanna ag leanaí an Béarla a phiocadh suas.
Ar an taobh eile, níl an Ghaeilge le feiscint nó le cloisint mórán sa phobal de ghnáth, níl an gá leis an nGaeilge soiléir ón timpeallacht don leanbh agus dá bharr sin más maith leat go mbeadh do leanbh in ann Gaeilge a labhairt (ní hamháin a thuiscint), caithfidh tú gá a chruthú í a labhairt.
Conas?
Tá sé tábhachtach go mbeadh ar a laghad tuismitheoir amháin ag baile nach labhrann ach Gaeilge an t-am ar fad;
Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine i saol an linbh nach féidir leis nó léi ach Gaeilge a labhairt leo: faigh seantuismiteoir, comharsa nach mbeidh sásta ach Gaeilge a thuiscint.
Déan monatóireacht leanúnach go bhfuil fíor-ghá ag do leanbh leis an teanga.
Cainteoir dátheangach gníomhach – duine atá in ann dhá theanga a labhairt (ní hamháin a thuiscint).
Straitéisí
Teanga mionlaithe ag baile – an straitéis is fearr, ach beidh ar an mbeirt tuismitheoirí í a labhairt
Tuismitheoir amháin - teanga amháin. Is léir cad atá i gceist anseo. Ach sa chás seo níl an gá leis an nGaeilge soiléir a dhóthain, agus beidh breis tacaíochta ag teastáil ar nós:
Sa teaghlach: faigh ball/baill den teaghlach a bheidh ag cloí le Gaeilge agus iad ag caint leis an leanbh;
Sa phobal: faigh ball/baill den phobal a bheidh ag cloí le Gaeilge agus iad ag caint leis an leanbh;
má tá imeacht á eagrú sa phobal, iarr ar an lucht eagraithe a chinntiú go bhfuil daoine ann a bheidh ag labhairt Gaeilge le do leanbh.
Cuireann mo leanbh ceist orm i mBéarla ? Cad is féidir liom a dhéanamh?
Triail cur ina luí ar an leanbh, más féidir, nach dtuigeann tú ach Gaeilge – an straitéis is fearr.
Mura bhfuil tú compórdach leis seo, bain triail as an straitéis seo: abair an cheist a chuir do leanbh ort arís ach i nGaeilge, ag seiceáil ar thuig tú i gceart an cheist - agus ansin d’fhreagair i nGaeilge chomh maith. Taispeáinfidh tú mar seo conas ceisteanna a chur le chéile i nGaeilge.
Úsáid Gaeilge lasmuigh den tigh chomh maith – tabharfaidh sé don leanbh:
Saghasanna éagsúla focal agus struchtúr teanga;
Muinín Gaeilge a labhairt i gcásanna eile.
Léirigh go bhfuil Gaeilge úsáideach – tabhair iad chuig naíonra, naíolann agus scoil i nGaeilge, féach ar chartúin i nGaeilge, téigí go háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga.
Conas is féidir le Brí Uíbh Ráthaigh cabhrú leat?
Ócáidí sóisialta do thuismitheoirí
Teagmháil duine-le-duine le tuismitheoir eile le Gaeilge
Siamsaíocht do leanaí agus thuismitheoirí
Scéalaíocht, ceol, péinteáil, ealaín, rince, drámaíocht
Leabhair, dlúthdhioscaí, DVDanna, cluichí boird
Eolas ar acmhainní ar an idirlíon
Eolas agus cabhair i dtaobh leanaí a thógaint go dátheangach
Cabhair i dtaobh Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar do chuid Gaeilge
Tacaíocht do na naíonraí agus do na scoileanna
Más maith leat a bheith ar an eolas faoi na tacaíochtaí agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl do thuismitheoirí agus leanaí, bí i do bhall den ghrúpa ‘Gaeilge ag baile UR’.