Ciste Tograí Pobail
Tá Ciste Tograí Pobail ar fáil againn chun tacaíocht a thabhairt do thograí - comórtais, ceolchoirmeacha, imeachtaí srl. - ina bhfuil an Ghaeilge lárnach: is féidir linn suas le €500 de chostaisí togra pobail a íoc ar ais ón gciste seo.
Chun leas a bhaint as an gciste, líon an fhoirm seo le do thoil agus seol chuig pleanteangaur@gmail.com.
Tá na foirmeacha ar fáil sa Chomhchoiste chomh maith.