Imeachtaí Gaeilge 14-20 Deireadh Fómhair in Uíbh Ráthach
Dé Luain 14 Deireadh Fómhair
20:00 Oíche Chomhrá ar líne
Ciorcal comhrá ar líne le Hanna Ní Lochnáin
Am: 20:00
Ciorcal comhrá seachtainiúil ar líne.
Chun páirt a ghlacadh cláraigh agus faigh nasc go dtí an seisiún.
20:00 Ciorcal Comhrá sa Dromaid
Am: Gach Luan ag 20:00
Áit: Seomra suite in Ionad na Dromoda, Cillín Liath.
Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair
Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair
15:30 Club Lego
Am: Gach Céadaoin ag 15:30.
Áit: An leabharlann i gCathair Saidhbhín.
Imeacht spraoi do thuismitheoirí agus leanaí aois bunscoile le Tús Maith.
Cláraigh le Niamh ag 087 294 4855.
20:00 Ciorcal comhrá i gCathair Dónall
Am: Gach Céadaoin ag 20:00
Áit: An tigh tábhairne An Píobaire Dall i gCathair Dónall
Déardaoin 17 Deireadh Fómhair
10:00 Cupán & Comhrá
Ciorcal comhrá i gcaiféanna éagsúla i gCathair Saidhbhín.
Am: Gach Déardaoin ag 10:00.
Á eagrú ag Séaghan Ó Súilleabháin , Oifigeach Pleanála Teanga Chathair Saidhbhín.
Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair
11:00 Siúl agus Gaeilge
Siúlóid leis an Kerry Cowboy (Séaghan Ó Súilleabháin) agus Aoibheann Lambe mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.
Tús ag 11:00 ag an leabharlann i gCathair Saidhbhín V23 H523.
Tá an tsiúlóid seo oiriúnach do dhaoine le gach leibhéal Gaeilge.
People with all levels of Irish welcome.
18:30 Oíche Shamhna le Tuismitheoirí na Gaeltachta
Imeacht do theaghlaigh atá ag tógaint clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é a dhéanamh.
Áit: Ionad na Dromoda.
Am: Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair ag 18:30.
Á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Is gá clárú le Marie Ní Shúilleabháin.
19:30 Ceolchoirm ‘An Táin’ i mBaile an Sceilg
Imeacht de chuid Éigse na hAoine
Leagan de scéal ársa Táin Bó Chuailnge (an scéal faoi Chú Chulainn, Banríon Chonnachta Méadhbh agus Rí Uladh Conchobhar Mac Neasa) le ceol nua chumtha.
Lorcán Mac Mathúna (guth)
Martin Tourish (cairdín)
Éamonn Galdubh (píob uilleann) agus
Daire Ó Breacáin (fidil)
Áit: Halla Pobail Bhaile an Sceilg
18ú Deireadh Fómhair 19:30
€10 ticéid ag an doras
Daoine faoi 18 saor in aisce
Féach ar Lorcán, Martin agus Éamonn i mbun ceoil níos luaithe i mbliana i gCathair Dónall.
Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair
10:30 Siúlóid ‘Transhumance and the Making of Ireland’s Uplands’ le Eugene Costello
As Gaeilge agus as Béarla - In Irish and English.
Am: 10:30.
Teacht le chéile ag Ionad na Dromoda (V23 RK10) agus carpooling go dtí tús na siúlóide. Imeacht faoin aer - tá gá le héadaí oiriúnacha atá díonach don uisce chomh maith le deochanna agus sneaiceanna.
Tá an tsiúlóid seo oiriúnach do dhaoine le gach leibhéal Gaeilge.
People with all levels of Irish welcome.
Tá an tsiúlóid seo mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.
12.00-18.00 Feirmeoireacht mar a bhí sé
Sean-nósanna feirmeoireachta le Mike Sé.
Áit: Ionad na Dromoda (V23 RK10)
Am: 12.00 - 18.00, an lá ar fad - buail isteach aon am i gcomhair comhrá agus chun féachaint ar bhailiúcháin Mhike Sé. Is cainteoir dúchais é Mike a bhfuil go leor eolais aige ar na sean-nósanna feirmeoireachta agus maireachtála.
Bí ag caint leis as Gaeilge!
Imeacht mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.
15:30 Ceardlann chun Triail a bhaint as an tSeandálaíocht
Do leanaí agus do dhaoine fásta
As Gaeilge agus as Béarla
Am: 15:30
Áit: Ionad na Dromoda (V23 RK10)
Caithfidh daoine fásta a bheith in éineacht le leanaí.
Fáilte roimh gach aois.
Le Aoibheann Lambe (seandálaí) agus Helen Richmond (ealaíontóir)
Tá an cheardlann seo mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.
19:00 Réalteolaíocht le Caoimhín de Bhailís
Am: 19:00
Áit: Ionad na Dromoda (V23 RK10)
Imeacht mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.
Dé Domhnaigh 20 Deireadh Fómhair
10:00 SIÚL AGUS RITH AR THRÁ BHAILE AN SCEILG
Is iad Iveragh Athletics a eagraíonn an ócáid seachtainiúil seo.
Ní gá ach teacht ag 10:00 chuig trá Bhaile an Sceilg agus a bheith páirteach sa seisiúin siúil nó reatha ag labhairt Gaeilge leis na daoine a thagann.
14.00-16.00 Labhair leis na Gabhair
Le Seán Ó Laoghaire (Seán the Seanchaí).
As Gaeilge agus as Béarla.
Am: 14.00 - 16.00
Cuairt ar Sheán agus na gabhair.
Imeacht mar chuid d’Fhéile Seandálaíochta Chósta na Sceilge.