Ciorcail Chomhrá sa Dromaid agus i gCathair Dónall

Tá Ciorcal Comhrá ag tosnú sa Dromaid Dé Luain seo chugainn 14 Deireadh Fómhair ag 20:00!
Sa seomra suite i bhForbairt na Dromoda i gCillín Liath a bheidh an ciorcal comhrá ar siúl.

Tá Ciorcal Comhrá ag tosnú i gCathair Dónall Dé Céadaoin seo chugainn 16 Deireadh Fómhair ag 20:00!
Sa tigh tábhairne An Píobaire Dall i gCathair Dónall a bheidh an ciorcal comhrá ar siúl.

Brí Uíbh Ráthaigh