Imeachtaí Gaeilge 21-27 Deireadh Fómhair
Dé Luain 21 Deireadh Fómhair
20:00 Oíche Chomhrá ar líne le Hanna Ní Lochnáin. Cláraigh anseo.
20:00 Ciorcal Comhrá in Ionad na Dromoda.
Dé Máirt 22 Deireadh Fómhair
21:00 Seisiún ceoil agus amhrán leis an ngrúpa ‘Ón dTalamh Amach’ i Mike Murts i gCathair Saidhbhín
21:00 Caint as Gaeilge agus Béarla (le go leor griangraif) faoi logainmneacha a bhaineann leis an gCailleach. Ionad Pobail Bhaile an Sceilg.
Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair
13:30-16:00 Siúl agus Gaeilge. Tá an tsiúlóid seo bunaithe ar théama na Caillí ón mbéaloideas. Tá sé ar bhóthar poiblí, fáilte roimh mhadraí ar iall. Siúlóid dhátheangach. Teacht le chéile ag Ionad na Dromoda.
15:30 Club Lego do leanaí aois bunscoile sa leabharlann i gCathair Saidhbhín. Tuilleadh eolais ó Niamh ag 087 294 4855.
20:00 Ciorcal Comhrá sa tigh tábhairne i gCathair Dónall
Déardaoin 24 Deireadh Fómhair
10:00 Maidin Chaife i gCathair Saidhbhín.
Dé Domhnaigh 27 Deireadh Fómhair
10:00 Rith agus Siúl ar thrá Bhaile an Sceilg.