Dúchas agus Dóchas: ceol agus amhráin ó Chontae an Chláir

CÉN ÁIT: IONAD NA DROMODA, DROMID, UIBH RÁTHACH, CO. CHIARRAÍ, 

CÉN t-AM: 8.00i.n. OÍCHE CHULTÚIR, 20 Meán Fomhair, 2024

A beautifully arranged,  bilingual songline celebrating a 350 year journey through the hidden Irish language song tradition of County Clare and North Munster from the last of the great bards to present day composers.

Dúchas agus Dóchas began with Diarmuid de Faoite's efforts to rediscover the hidden song tradition in Clare. 150 songs later it has been embraced and nurtured by some of Clare's finest musicians and singers into an aural feast of song, music and story, a testament to the rich well of culture that exists in Ireland and an inspirational invitation to communities nationwide to rediscover, revive and reimagine their own musical heritage.

With one eye to the past and a pair to the future, Dúchas agus Dóchas lights a bright path forward, steeped in tradition.

Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá.

Snáth órga, ceolmhar a shníomhann trí athbheochan amhránaíochta ó ré na bhfilí go dtí nuachumadóireacht an lae inniú is ea Dúchas agus Dóchas, le scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe.  Líonann Dúchas agus Dóchas bearna i dtraidisiún na Mumhan le mórtas cine agus le haoibhneas ceoil, le dúchas agus le dóchas, ón sean nós go dtín ár nósanna is ár nóisin cheolmhara féin!

Aoí Speisialta/ Special Guest: 

Tim Dennehy 

Tim Dennehy was born in Baile na Sceilg into a singing family and has a huge store and knowledge of song to which he has added to greatly over the years. A poet in his own right, Tim also composes beautiful songs in Irish and English and, to date, has released six albums, often collaborating with some of the finest musicians in the country. Tim lives in Miltown Malbay, County Clare.

Rugadh Tim Dennehy i mBaile na Sceilg agus is mór an carn amhrán a thóg sé óna mhuintir féin gan trácht ar na clocha breátha atá curtha aige leis an gcarn sin ó shin mar fhile agus amhránaí. Tá sé albam eisithe aige go dtí seo agus amhráin ana-bhreá cumtha aige i nGaeilge agus i mBéarla. Cónaíonn sé i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl le hIonad na Dromoda, Éigsí na hAoine, le hEalaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon chomh maith le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe agus An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaín, Gaeltachta, Spóirt & Meán as a gcuid tacaíochta.

Na hEalaíontóirí/The Artists:

Tá aithne ar Edel Vaughan ar fud na hÉireann agus thar lear mar phríomh amhránaí an ghrúpa cáiliúl, The Kilfenora Céilí Band agus is fliúiteadóir den scoth í freisin. Múineann sí na hamhráin don chéad ghlúin eile chomh maith. Tá dhá albam dá cuid féin eisithe aici, ‘Spreagtha’, agus an ceann is déanaí uaithi, ‘Chapter 22’. 

Edel Vaughan is known throughout Ireland and further afield as the lead singer with the the mould breaking Kilfenora Céilí Band. She is a superb flute player and teaches song to the next generation. Edel has released two solo albums to date, ‘Spreagtha’ and her latest, ‘Chapter 22’. 

Boscadóir, cumadóir agus ealaíontóir fuaime é Philip Fogarty agus is saineolaí é ar fhoinn, ar fhocail agus ar fhéiniúlachta cheoil an Chláir. Tá foinn nuachumtha aige curtha le traidisiún an chontae an athuair. philipfogarty.com 

Philip is not only an accordionist, composer and sound artist, he is also a doctoral expert in the field of Clare music, song and identity. Philip has composed new airs to rediscovered songs. 

Léiritheoir, stiúrthóir, láithreoir agus amhránaí é Diarmuid de Faoite a bhfuil cáil nach beag air óna chuid oibre teilifíse agus amharclainne in Éirinn agus thar lear. Ba é saothar Dhiarmada chun teacht ar agus eagar a chur ar amhráin Ghaeilge an Chláir a spreag an togra, ’Dúchas agus Dóchas’.

Diarmuid de Faoite is a producer, presenter, actor and writer whose work researching the Irish language songs of County Clare led to the ‘Dúchas agus Dóchas’ project and this joining of musical forces. Known through his film, TV and stage work, Diarmuid’s involvement with music in his chosen field has grown exponentially over the last number of years. 

Bhog an giotáraí Alph Duggan ó Bhaile Átha Cliath go hInis fadó agus is cuid lárnach de cheol an bhaile é, é ag tabhairt tionlacain ana thuiscineach ar albaim le Tommy Peoples, Johnny McCarthy agus Lyons.Seinnfidh sé uirlis ar bith duit chomh fada is nach n-iarrfaidh tú air séideadh isteach ann! 

Our Dub in residence, guitarist Alph Duggan moved to Ennis and was soon featuring on albums by Tommy Peoples, Johnny McCarthy and Nora Lyons and, as he says himself, will play anything as long as he doesn’t have to blow into it!

Brí Uíbh Ráthaigh