Ceolchoirm Dhaltaí na Ranganna Ceoil
Bhí ceolchoirm i halla pobail Bhaile an Sceilg ar an 17ú Eanáir ina raibh daltaí a d'fhreastail ar na ranganna ceoil le Róisín Ní Riain agus Aisling Wharton páirteach.
Bhí na leanaí thar barr agus táimid fíorbhuíoch le gach éinne a tháinig!
Ár mbuíochas le hAisling Wharton as na daltaí a ullmhú don cheolchoirm.
Tá an tarna téarma de na ranganna ag tosnú ar an 7ú Feabhra.
Tá fáilte roimh na daltaí a d'fhreastail ar na ranganna cheana féin agus roimh dhaltaí nua.
Tá tuilleadh eolais faoi na ranganna ar fáil anseo.