Turas go Scoil Cheoil an Earraigh
Táimid ag eagrú TURAS go SCOIL CHEOIL AN EARRAIGH i gCorca Dhuibhne arís i mbliana. Beidh an Scoil ar siúl ar 15-19 Feabhra. Tá sé ar oscailt do dhaltaí:
an 5ú agus an 6ú rang bunscoileanna Uíbh Ráthaigh (má tá Gaeilge acu);
an Aonaid Lán-Ghaeilge agus na hIdirbhliana (má tá Gaeilge acu).
Tá roinnt spásanna fós ann agus más suim leat, bheimis buíoch dá líonfá an fhoirm seo chun suim a léiriú go bhféadfaimis an turas a phleanáil.