Táille don Mháistreacht le DCU laghdaithe
Is féidir Máistreacht a dhéanamh in Uíbh Ráthach!
Tá DCU chun cúrsa MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach a rith i gCiarraí Theas i mbliana, go páirtaimseartha.
Tá an méid seo i gceist gach téarma:
2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach, agus
Satharn amháin ar an gcampas i mBaile Átha Cliath.
Tá táille speisialta ann do mhuintir Uíbh Ráthaigh: €2,100 sa bhliain, in ionad €4,200. Is é Brí Uíbh Ráthaigh, Plean Teanga Chiarraí Theas, atá ag clúdach an chuid eile den chostas duit, le cead Údarás na Gaeltachta.
Tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar ár suíomh idirlín anseo.