Folúntas Oifigigh Pleanála Teanga i gCathair Saidhbhín

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Glór na nGael le plean teanga Chathair Saidhbhín a fheidhmiú.

Beidh an obair seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile, ina measc Comhairle Chontae Chiarraí.

Is plean teanga seacht mbliana atá i gceist. Is é príomhaidhm an phlean de réir pholasaí an Rialtais ná cur le húsáid na Gaeilge agus leis an líon deiseanna úsáide Ghaeilge mar theanga pobail i gCathair Saidhbhín. Mar Bhaile Seibhíse Gaeltachta, treiseoidh an plean stádas dátheangach an bhaile agus an chontae agus díreoidh sé aird an phobail ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí Gaeilge den uile chineál a bheith ar fáil.

Beidh an duine a fhostófar ag obair le foireann Ghlór na nGael agus le páirtithe leasmhara eile chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus is féidir cur leis an tréimhse sin. Is é an scála pá atá ag dul leis an bpost seo ná €35,000-€50,000.

Spriocdháta 28 Mí an Mheitheamh 2024.

Brí Uíbh Ráthaigh