Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín ceaptha

Táimid thar a bheith sásta leis go bhfuil Séaghan Ó Súilleabháin ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Cathair Saidhbhín. Tá tuilleadh eolas le fáil sa phreasráiteas seo.

Comhghairdeachas ó chroí le ‘Cathair Saidhbhín le Gaeilge’, Coiste Pleanála Teanga Chathair Saidhbhín, as an obair iontach, dá dheacra í, agus as an bpróiseas a thabhairt go dtí an pointe seo.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil de Chomhairle Contae Chiarraí, Ceanneagraíocht do Phlean Teanga Chathair Saidhbhín, agus de Ghlór na nGael, fostóir an Oifigigh Pleanála Teanga, as an gcomhoibriú eatarthu, agus de Roinn na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge as an bpróiseas a chomhordnú.

Séaghan Ó Súilleabháin, Oifigeach Pleanála Teanga Chathair Saidhbhín

Brí Uíbh Ráthaigh