Gnóthanna le Gaeilge in Uíbh Ráthach

Ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag gach duine in Uíbh Ráthach agus ar fud an domhain faoi na gnóthanna in Uíbh Ráthach inar féidir Gaeilge a úsáid, agus táimid ag ullmhú léarscáil/mapa ar ár suíomh idirlín www.briur.ie chun aird a tharraingt ar na gnóthanna sin.

Fiú mura bhfuil ach duine amháin i do chomhlacht gur féidir leis seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil - abair linn faoi!

Bíodh a fhios ag an saol mór faoi do ghnó!

Brí Uíbh Ráthaigh