Siúl & Gaeilge

Bhí ana-shiúlóid againn an tseachtain seo caite sa Dromaid agus táimid ag dul ar shiúlóid eile an tseachtain seo!

Dé Céadaoin 10 Bealtaine

Com na hEorna

Cathair Dónall

Teacht le chéile ag 7 pm ag an gcarrchlós i gCathair Dónall

Tá na siúlóidí á n-eagrú i gcomhar le Aoibheann Lambe, Oifigeach Turasóireachta Pobail le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.